Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 13ú lá de mí na Nollaig, liomsa Lauren Ní Loingsigh.
I 2003 bhí ceannairí na hEorpa i sáinn de bharr bunreacht nua san Eoraip. Bhí An Fhrainc agus an Ghearmáin ar son córas vótála nua agus dhiúltaigh An Spáinn agus An Pholainn.
I 2007 tháinig Ian Paisley agus Martin McGuinness le chéile chun siopa Ikea nua a oscailt i dTuaisceart na hÉireann.
I 2000 rinne Minnie Baker ó Chroisín cuilt phíosála agus thug sí é chuig ospís an Chláir chun airgead a bhailiú. Sheas an chuilt do na oibrí deonach, na hothair agus an fhoireann. Bhí an chuilt an chéad duais i gcrannchur na Nollaig.
I 2007 bhí ceithre theaghlach in O’Callaghan Mills, iargúlta do cúig lá de bharr tuilte. Bhí siad ábalta rudaí a fháil agus dul áit éigin i dtarracóir. Dúirt Rory Moloney a raibh ina chónaí ann, nach raibh a chlann ábalta dul abhaile do chúpla lá nuair a chuaigh siad amach chun siopadóireacht na Nollaig a dhéanamh.
Sin Outcast le Hey Ya – an t-amhrán is mó ar an lá seo I 2003.
Ag lean ar aghaidh le nuacht cheoil ar an lá seo I 2000 bhí síniú leabhair ag Waterstones i Piccadilly le Paul McCartney. Bhí Sir Paul McCartney ann sa siopa chun síniú cúpla cóipeanna de a leabhar nua.
I 2013 – tháinig Beyonce amach lena albam nua darbh ainm ‘Beyonce’. Bhí sé seo a chúigiú albam.
Agus ar deireadh breithlá daoine cáiliúla ar an lá seo rugadh aisteoir Jamie Foxx i Texas i 1967 agus rugadh amhránaí Taylor Swift i Meiriceá i 1989 agus seo chuid de a amhrán.
Beidh mé ar ais libh an tseachtain seo chugainn le heagrán nua de Ar An Lá Seo.