advertisement

Ar An Lá Seo – 11-02-2025

Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 11ú lá de mí Feabhra, liomsa Lauren Ní Loingsigh.

I 2014 cheannaigh Donald Trump an cúrsa gailf Doonbeg I gcontae an Chláir do nach mór 15 milliún euro ach bhí nach mór 1 milliún euro de dheisiúchán le déanamh. Chuir sé ainm eile ar an áit – Trump International Golf Links agus bhí sé seo a chéad réadmhaoin in Éirinn.

- Advertisement -

I 2016 bhí Sinn Féin sa spotsolas nuair a tháinig siad amach go raibh siad chun an chúirt choiriúil speisialta a scrios dá bheidís sa rialtas tar éis an olltoghchán.

I 1986 tháinig Assmann Electronics in Inis amach go mbeidís ag forbairt an áit leis an chostas timpeall 1.5 milliún punt. Dúradh go mbeadh 36 post nua ann chomh maith.

I 2014 bhí gaoth fhórsa hairicín sa chontae leis an tSionainn an séideán is láidir le 159 km an uair. Chaill níos mó ná 20 míle tí a leictreachas, dhún Aerfort na Sionainne agus ní raibh daoine ábalta taisteal ar an bhóthar de bharr gur thit a lán crainn.

Sin Zayn le Pillowtalk – an t-amhrán is mó ar an lá seo I 2016.

Ag lean ar aghaidh le nuacht cheoil ar an lá seo I 2008 bhí Heather Mills agus Sir Paul McCartney san Ard Chúirt I Londain chun a chúrsaí airgid a shocrú agus iad ag dul tríd colscaradh.

I 2012 tháinig an nuacht amach go bhfuair Whitney Houston bás in óstán Beverly Hilton.

Agus ar deireadh breithlá daoine cáiliúla ar an lá seo rugadh aisteoir Jennifer Anniston I gCalifornia I 1969 agus rugadh amhránaí Sheryl Crow I Meiriceá ar an lá seo I 1962 agus seo chuid de a amhrán.

Beidh mé ar ais libh amárach le heagrán nua de Ar An Lá Seo.

advertisement
advertisement
advertisement