advertisement

Ar An Lá Seo – 30-01-2025

Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 30ú lá de mí Eanair, liomsa Lauren Ní Loingsigh.

I 1982 bhí leoraí ag taisteal chuig an Pholainn agus fuair daoine é I mBaile Átha Cliath. Bhí níos mó ná 70 míle punt d’fheoil ar an leoraí ach nuair a fuair siad é, ní raibh an fheoil ann.

- Advertisement -

I 2014 chuaigh Mick Wallace chun An Dáil ag caitheamh geansaí sacar Torino agus bhí a lán daoine ag labhairt faoi.

I 1998 fuair craoltóir agus scríobhneoir Micheál Ó hAodha bás ag aois 79. Bhí sé mar chathaoirleach den Amharclann na Mainistreach, chomh maith leis sin scríobh sé a lán leabhair I rith a shaoil.

I 2014 bhí feirmeoirí I gCroisín níos mó meabhrach de bharr gur ghoid daoine trí eallach ó bhothán. Dúirt na Gardaí go gcaithfidh na feirmeoirí tabhair aire do chairr anaithnid.

Sin Pharrell Williams le Happy, an t-amhrán is mó ar an lá seo I 2014.

Ag lean ar aghaidh le nuacht cheoil ar an lá seo I 1999 shroich Britney Spears uimhir a haon sna cairteacha I Meiriceá lena amhrán Baby One More Time. Shroich an t-amhrán uimhir a haon I 23 tír agus bhí sé an t-amhrán is mó an bhliain sin.

I 2016 shroich David Bowie uimhir a haon sna cairteacha I Meiriceá don chéad uair lena albam Blackstar. Tháinig an t-albam amach dhá lá roimh a bhfuair sé bás.

Agus ar deireadh breithlá daoine cáiliúla ar an lá seo rugadh aisteoir Christian Bale sa Bhreatain Bheag I 1974 agus rugadh amhránaí Phil Collins sa Bhreatain ar an lá seo I 1951 agus seo chuid de a amhrán.

Beidh mé ar ais libh amárach le heagrán nua de Ar An Lá Seo.

advertisement
advertisement
advertisement