advertisement

Ar An Lá Seo – 26-11-2024

Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 26ú lá de mí na Samhna, liomsa Lauren Ní Loingsigh.

I 1995 bhí an feachtasóir ‘níl’ ag ullmhú dúshlán breithiúnach tar éis an reifreann colscaradh. Bhuaigh an feachtas ‘sea’ le 0.6% den vóta.

- Advertisement -

I 2014 tháinig Katie Taylor abhaile chuig Baile Átha Cliath tar éis an chraobhchomórtas dornálaíochta a bhuachaint don cúigiú am.

I 1995 chuir Bill Clinton an turas chuig an chontae ar ceal. Bhí díomá ar a lán daoine sa chontae. Bheadh an chuairt go hiontach don réigiún.

I 2012 chuir comhairleoir I Luimneach Joe Leddin cheist ar an HSE chun an rannóg timpistí agus éigeandála a oscailt in Inis arís chun an bhrú a laghdú san ospidéal I Luimneach.

Sin Band Aid 30 le Do They Know Its Christmas – an t-amhrán is mó ar an lá seo I 2014.

Ag lean ar aghaidh le nuacht cheoil ar an lá seo I 1976 tháinig the Sex pistols amach lena chéad singil darbh ainm Anarchy in the UK.

I 1991 chuir Garth Brooks cheist ar a lucht leanúna deich gcanna lán de bhia a thabhairt chuig siopa mar chúiteamh do chlúdach litreach, agus bhí ticéid I roinnt de na gclúdach do cheolchoirm Garth Brooks.

Agus ar deireadh breithlá daoine cáiliúla ar an lá seo rugadh amhránaí Rita Ora I gCosaiv I 1990 agus rugadh amhránaí Tina Turner I Tennessee I 1938 agus seo chuid de a amhrán.

Beidh mé ar ais libh amárach le heagrán nua de Ar An Lá Seo.

advertisement
advertisement
advertisement