Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 20ú lá de mí Eanair, liomsa Lauren Ní Loingsigh.
I 1978 chuaigh an praghas suas de phrátaí de bharr smuglaeireacht. Dúirt ceannaí I mBaile Átha Cliath nach raibh aon phrátaí ann mar go raibh costas an tonna 140 punt do mhórdhíola agus ceithre phunt do mhála ceithre chloch.
I 1986 tuairisc cheithre cás AIDS eile I bpríosún Mountjoy. Bhí 47 gcás ann ag an am. Fuair stáisiúin na nGardaí trealamh cosanta, agus fuair siad vacsaín Hepatitis B. Chabhraigh An Roinn Dlí agus Cirt le cainteanna oideachasúil.
I 1986 fuair Mick Hennessy bás in Ospidéal Inis nuair a bhí sé tinn. Bhí ina hochtóidí agus bhí sé imreoir iománaíocht den scoth. Chomh maith bhí sé mar rúnaí den chlub ó 1934 go dtí 1950.
I 1992 bhí easpa uisce I gCora Chaitlín, chomh maith leis sin bhí caighdeán an uisce uafásach. Chuir na daoine a raibh ina chónaí sa bhaile cheist ar Chomhairle Chontae an Chláir chun cabhrú leo mar go raibh an t-uisce dainséarach.
Sin Queen le Bohemian Rhapsody an t-amhrán is mó ar an lá seo I 1976.
Ag lean ar aghaidh le nuacht cheoil ar an lá seo I 2001 bhí seirbhís chuimhneacháin do Kirsty MacColl a fuair bás nuair a bhí sí I Meicsiceo an bhliain roimhe. Bhí Bono ó U2 ann agus Billy Bragg.
I 2022 fuair Meat Loaf bás ag aois 74. An t-ainm a bhí air ná Marvin Lee Aday agus bhí clú agus cáil air dá guth a bhí aige.
Agus ar deireadh breithlá daoine cáiliúla ar an lá seo rugadh Buzz Aldrin I Meiriceá I 1930 agus rugagh aisteoir Evan Peters ar an lá seo I Meiriceá I 1987 agus seo chuid de na rudaí a rinne sé.
Beidh mé ar ais libh amárach le heagrán nua de Ar An Lá Seo.