Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 15ú lá de mí na Samhna, liomsa Lauren Ní Loingsigh.
I 1983 bhuaigh Sheila Rohan ó chontae Ciarraí bean an tí den bhliain agus bhuaigh sí 1,000 punt dá pearsantacht agus a scileanna cócaireachta.
I 2004 thacaigh le Taoiseach Bertie Ahern do chearta daoine aeracha le cáin agus oidhreacht.
I 1977 bhí tuirlingt éigeandála ag Aerfort na Sionainne ar Air India Boeing 747 le 189 paisinéir tar éis bagairt buama. Bhí an t-eitleán ag eitilt ó Nua-Eabhrac go Londain. Nuair a tháinig sé chuig Aerfort na Sionainne chuardaigh an fhoireann slándála an t-eitleán ach ní raibh aon bhuama ann.
I 1983 bhí bleachtaire agus feirmeoir ceangailte le teip ar fhuascail ar capall darbh ainm Shergar. Rinne na nGardaí fhiosrú den ngadaíocht agus fuair siad 80,000 punt ó charr sa chontae.
Sin U2 le Vertigo, an t-amhrán is mó ar an lá seo I 2004.
Ag lean ar aghaidh le nuacht ceoil ón lá seo – I 2007 chuaigh Jay-Z chuig uimhir a haon lena albam ‘American Gangster’. Ag an am bhí an méid céanna albam a chuaigh go dtí uimhir a haon ag Jay-Z agus Elvis Presley. Ag an am bhí The Beatles an banna cheoil leis an méid is mó albam a chuaigh go dtí uimhir a haon.
I 1980 fuair Blondie a cúigiú singil a chuaigh chuig uimhir a haon agus a tríú singil an bhliain sin le ‘The Tide Is High’. Scríobh John Holt an t-amhrán a raibh uimhir a haon I Meiriceá chomh maith.
Agus ar deireadh breithlá daoine cáiliúla inniu, rugadh aisteoir Shailene Woodley I 1991 I gCalifornia agus rugadh amhránaí ó Nickelback Chad Kroeger I gCeanada I 1979, agus seo chuid de a hamhráin.
Beidh mé ar ais libh an tseachtain seo chugainn le eagrán nua de Ar An Lá Seo.