advertisement

Ar An Lá Seo – 11-12-2024

Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 11ú lá de mí na Nollaig, liomsa Lauren Ní Loingsigh.

I 1980 tar éis dúnmharú John Lennon, dhíol a cheirnín amach ar fud an Bhreatain nuair a bhí a lucht leanúna ag teacht le chéile le bigil agus bhí siad ag canadh a amhráin. D’iarr Yoko Ono nach mbeadh aon sochraid ann.

- Advertisement -

I 1994 dúirt tábhairneoir timpeall an tír nach mbeadh an trádáil thar an Nollaig go maith de bharr an dlí nua faoi thiomáint faoi thionchar dí. Dúirt siad nach mbeadh na teach tábhairne tuaithe ábalta oscailt. Chuaigh an teorainn ó 100mg chuig 80mg.

I 1981 tháinig aimsir Artach chuig an chontae. Bhí ghearradh cumhachta agus tuilte. Bhí Coll Mhaile agus Cill an Dísirt an dá bhaile a bhí an méid is mó damáiste déanta dóibh.

I 1994 bhí maidhm thuile agus bhí an damáiste déanta in Inis Díomáin agus Baile an Droichid. Chuaigh an bhriogáid dóiteáin chuig na tí a bhí damáiste déanta dó. Chomh maith leis na tithe, bhí damáiste déanta chuig talamh feirme.

Sin Do They Know Its Christmas ó Band Aid 20 – an t-amhrán is mó ar an lá seo I 2004.

Ag lean ar aghaidh le nuacht cheoil ar an lá seo I 1964 maraíodh amhránaí Sam Cooke in óstán i gCalifornia. Dúirt Bertha Franklin, bainisteoir an t-óstán, gur scaoil sí urchar air mar fhéinchosaint.

I 2016 fuair Bob Dylan Duais Nobel do litríocht. Bhí óráid léite amach sa tSualainn agus dúirt sé ní raibh súil aige an Duais Nobel a bhuachaint.

Agus ar deireadh breithlá daoine cáiliúla ar an lá seo rugadh Hailee Steinfeld i gCalifornia i 1996 agus rugadh amhránaí Jermain Jackson i Meiriceá i 1954 agus seo chuid de a amhrán.

Beidh mé ar ais libh amárach le heagrán nua de Ar An Lá Seo.

advertisement
advertisement
advertisement