advertisement

Ar An Lá Seo – 10-12-2024

Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 10ú lá de mí na Nollaig, liomsa Lauren Ní Loingsigh.

I 1989 bhuaigh Philomena Conneely, aois 23, an Lotto. Dúirt sí go raibh sí chun fós dul chuig an obair in ainneoin gur bhuaigh sí 1.9 milliún punt sa Lotto.

- Advertisement -

I 1990 tháinig timpeall 70 ghiall Éireannach abhaile ón Iaráic. D’fhan an fhoireann leighis ann i gcóir seirbhísí riachtanacha. Tháinig na daoine eile abhaile go sábháilte.

I 1989 shiúil nach mór 300 duine amach as Aerfort na Sionainne de bharr nach raibh siad ag fáil bónas don Nollaig. D’aontaigh Aer Rianta do phlean roinnt bhrabúis, leis na cainteanna ag dul ar aghaidh.

I 1990 bhuaigh Cill Ros 5,000 punt sna Dámhachtainí Feachtas Comhshaoil na nÚdarás Áitiúil don fheachtas is fearr d’údarás uirbeach. Chuaigh daoine ó Chill Ros chuigh an searmanas bronnta i mBaile Átha Cliath.

Sin Jason Donovan le When You Come Back To Me an t-amhrán is mó ar an lá seo i 1989.

Ag lean ar aghaidh le nuacht cheoil ar an lá seo I 1967 fuair Otis Redding bás nuair a bhí sé aois 26. Bhí sé i dtimpiste eitleán. Bhí an eitleán ag iompar Otis agus a banna ceoil nuair a chuaigh siad isteach san uisce de Lake Monoma.

I 1998 bhuaigh Bruce Springsteen coimhlint sna cúirteanna ionas nach scaoileadh aon shean amhráin ó albam.

Agus ar deireadh breithlá daoine cáiliúla ar an lá seo rugadh Fionnula Flannagan i mBaile Átha Cliath i 1941 agus rugadh aisteoir Raven Symone i Meiriceá i 1985 agus seo chuid de na rudaí a rinne sí.

Beidh mé ar ais libh amárach le heagrán nua de Ar An Lá Seo.

advertisement
advertisement
advertisement