Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 10ú lá de mí an Mhárta, liomsa Lauren Ní Loingsigh.
I 1984 thaisteal Taoiseach Garret Fitzgerald chuig Nua Eabhrac tar éis scanradh a tharla nuair a bhí sé thar an fharraige. Cheap siad go mbeidís chun taisteal chuig Montreal mar tháinig síobadh sneachta I Nua Eabhrac nuair a d’fhág sé an tSionainn.
I 2003 tháinig Mickey Joe Harte amach ar barr sa chomórtas You’re A Star mar fuair sé an chuid is mó de na vótaí. De bharr sin chuaigh sé chuig an Eurovision an bhliain sin lena amhrán We’ve Got The World.
I 2006 fuair 3 óstán sa chontae gradam ag an CIE Awards. Fuair Dromoland Castle an gradam mór. Fuair The Radison SAS I Meelick gradam do lóistín agus fuair Bunratty Castle gradam do sheirbhís iontach.
I 2017 bhí Lá na mBan á cheiliúradh in Inis. Bhí imeacht ar an droichead timpeall Bank Place le mná ag caitheamh dubh agus bhí bratach acu le fadhbanna a bhí tábhachtach dóibh.
Sin Christina Aguilera le Beautiful – an t-amhrán is mó ar an lá seo I 2003.
Ag lean ar aghaidh le nuacht cheoil ar an lá seo I 1988 fuair Andy Gibb ó The Bee Gees bás san ospidéal. Fuair sé bás de bharr athlasadh an chroí.
I 2009 tháinig an nuacht amach gur dhíol ticéid amach do cheolchoirm Paul McCartney I seacht soicind. Chosain na ticéid 750 dollar agus bhí timpeall 4,000 thicéad ann don cheolchoirm I Las Vegas.
Agus ar deireadh breithlá daoine cáiliúla ar an lá seo rugadh aisteoir Sharon Stone I Meirceá I 1958 agus rugadh amhránaí Robin Thicke I Meirceá ar an lá seo I 1977 agus seo chuid de a amhrán.
Beidh mé ar ais libh amárach le heagrán nua de Ar An Lá Seo.