advertisement

Ar An Lá Seo – 05-03-2025

Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 5ú lá de mí an Mhárta, liomsa Lauren Ní Loingsigh.

I 1986 chuaigh an figiúr de bhuirgléireacht in Éirinn síos. Tháinig an nuacht amach nach raibh an méid is mó an bhliain sin I gcomparáid le tosach na 80dí, ach ní raibh aon laghdú in árachas.

- Advertisement -

I 2005 chaill Éire I gcoinne an Fhrainc sa rugbaí ach bhí cúpla amháin I bPáras an-sásta. Chuir Alan ó Bhaile Átha Cliath cheist ar a chailín Gillian chun é a phósadh taobh amuigh den Stade De France.

I 1999 tháinig an nuacht amach go mbeadh scéim de thimpeall 1 milliún punt chun cosain a thabhairt chuig bóthar I Killkee agus áiteanna eile timpeall an limistéar ó chreimeadh timpeall an chósta.

I 2010 bhí seans maith I gcomhair na mná timpeall an chontae mar dúirt siad go mbeadh Inis an ámharach de bharr go mbeidís ag fáil mála a bhí ag Kate Winslet. Bhí siad chun é a fháil de bharr tiomsú airgid do Haiti.

Sin Take That le How Deep Is Your Love – an t-amhrán is mó ar an lá seo I 1996.

Ag lean ar aghaidh le nuacht cheoil ar an lá seo I 2006 chuaigh Corrine Bailey Rae chuig uimhir a haon sa Bhreatain lena halbam nua. Bhí Corinne ach an cheathrú bean ón Bhreatain chun dul chuig uimhir a haon dá chéad albam.

I 2017 chuaigh Ed Sheeran chuig uimhir a haon sna cairteacha lena tríú halbam divide. Chuaigh gach amhrán ar an albam chuig na cairteacha, agus shroich gach ceann uimhir 20 de bharr go raibh a lán daoine ag éisteacht leo.

Agus ar deireadh breithlá daoine cáiliúla ar an lá seo rugadh giotáraí John Frusciante I Nua Eabhrac I 1970 agus rugadh aisteoir Matt Lucas I Londain ar an lá seo I 1974 agus seo chuid de na rudaí a rinne sé.

Beidh mé ar ais libh amárach le heagrán nua de Ar An Lá Seo.

advertisement
advertisement
advertisement